Is í Enya Cox Dempsey (14), ó Chill Chainnigh a bheidh ag déanamh ionadaíocht thar ceann na hÉireann i Junior Eurovision 2024 leis an amhrán nua "Le Chéile".
As Caisleán an Chomair do Enya Cox Dempsey, iarrthóir na hÉireann i gcomórtas Junior Eurovision na bliana seo, tar éis di na moltóirí a chur faoi gheasa le cúig seachtain anuas sa tsraith teilifíse Junior Eurovision Éire.
Beidh an t-amhrán nuachumtha 'Le Chéile' á chanadh ag Enya agus í mar dhuine de na hiarrthóirí ón 15 tír a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo i Madrid na Spáinne.
Is féidir leatsa do vóta a chaitheamh ar www.jesc.tv - pé áit ar domhan ina bhfuil tú.
Murab ionann leis an gcomórtas do dhaoine fásta, is féidir le lucht leanúna Junior Eurovision vóta a chaitheamh dá dtír fhéin! Tabhair tacaíocht d'Éirinn agus caith vóta do Enya!
Tá cónaí ar Enya uirthi lena máthair Róisín agus a madra Pip i gCaisleán an Chomair i gCo. Chill Chainnigh. Is cuid lárnach dá saol a teaghlach.
Tá cónaí ar a huncail Paddy, a seanathair Paddy agus a seanmháthair Helen, béal dorais agus bíonn siad ann i ngcónaí le cluas éisteachta a thabhairt do cheol Enya.
Thosaigh Enya ag seinm ar na drumaí le déanaí ach ní mó ná sásta atá a máthair faoi mar gur ina seomra codlata féin agus ní i seomra Enya atá na drumaí céanna!
Chan Enya "Vampire" le Olivia Rodrigo ar Sheó na mBréagán anuraidh agus tá an-taithí aici ar bheith ag canadh agus ag aisteoireacht i seónna sa cheantar áitiúil.
Is é an sprioc atá aici bua mór a fháil d’Éirinn agus cáil a bhaint amach ina popréalta mór le rá!
Beidh an comórtas le feiceáil ar TG4 Dé Sathairn an 16 Samhain 2024.